Diospoireachtai

irish debate Small

Tráthnóna De Máirt, ar an 15ú Samhain, 2016.  Chuaigh an fhoireann díospóireachta as Pobalscoil Shráid an Mhuilinn amach don chéad uair chun a n-eolas a thaispeáint don Domhan Mór.  Chruthaigh Siobhán Cronin, Gemma O’Regan agus Maggie Moynihan an rún nach gceart deireadh a chur ar na cluichí Oilimpeacha.  Sheas  Orla O’Connor agus Emma Moynihan mar ionadaí  ar eagla na heagla go mbuaileann tinneas ar cheann de na cainteoirí, Ina dteannta sin,  thug siad cabhair agus tacaíocht le na hullmhúcháin ó thús go deireadh .  
Fuair an fhoireann an lámh in uachtar i gcoinne Coláiste Cholmáin,   Mainistir Fhear Muí agus Scoil Phobail Chionn tSáile.

Bhain gach uile dhuine taitneamh as an oíche, na hiomaitheoirí, na múinteoirí agus na tuismitheoirí san áireamh. 

Cuireadh tús ar an turas go hIarthar Chorcaí tar éis am lóin ar an  Máirt.  Chualathas  go raibh na cailíní ag cleachtadh agus ag cleachtadh  sa charr go  dtí  gur shroich siad Bun an Tábhairne. 
Mar a deir an seanfhocal, “Cleachtadh a dhéanann máistreacht”.  

B’fhiú é an chleachtadh mar gan dabht bhí siad an fhoireann is fearr!


D’aimsigh siad an scoil “Coláiste Muire”.  D’éirigh an múinteoir agus na daltaí ocrach.  D’aontaigh siad go gcaithfidh siad rud éigin a ithe sula dtósódh an chéad bhabhta.  Mar sin níor fhan siad ró-fhada ansin agus as go brách leo chun píotsa a fháil sular thosaigh siad in iomaíocht le chéile. D’ith siad agus d’ól siad a ndóthain agus bhí siad réidh ansin chun dul in iomaíocht le na scoileanna eile.

Bhuaigh siad gan aon agó.

Maith thú, a chailíní.

Táimid go léir ag tnúth leis an gcéad bhabhta eile.